Leagan Gaeilge oifigiúil curtha ar os cionn 200 téarma cartlannaíochta

Cárta Ballraíochta ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, OÉG G60/4/6/1

Tá tionscadal ar chuir Niamh Ní Charra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG), tús leis agus a bhí faoi stiúir Ní Charra agus Niamh McDonnell, Cartlann Náisiúnta na hÉireann (NAI) i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta tagtha chun críche an mhí seo faoi dheireadh agus leagan Gaeilge curtha ar bhreis agus 200 téarma cartlannaíochta. Cuireadh tús leis an tionscadal, ar thacaigh OÉG agus NAI leis agus ar chuir an Coiste fáilte roimhe, i mí Feabhra 2020 sular cuireadh moill air mar gheall ar an bpaindéim reatha.

Tá Ní Charra ina bainisteoir tionscadail agus ina cartlannaí tionscadail ar bhailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉG ó 2018. Chuir sí in iúl do bhord tionscadail an bhailiúcháin in 2019 go raibh fadhbanna le liostú dátheangach mar gheall ar easpa téarmaíocht chartlannaíochta oifigiúil sa Ghaeilge. Le tacaíocht an bhoird agus OÉG, thosaigh Ní Charra ag déanamh tuilleadh fiosruithe. “Bhí seirbhís aistriúcháin OÉG ag aistriú na liostaí cartlainne dom, an fhad is a bhí mise ag leanúint ar aghaidh leis an obair chartlannaíochta. Tá an conradh chun an bailiúchán iontach seo a chartlannú teoranta agus b’fhearr/is fearr domsa mo chuid ama a chaitheamh ar an obair chartlannaíochta féin, agus an t-aistriúchán a fhágáil ag na saineolaithe teanga.”

Mar sin féin, d’aithin Ní Charra, atá in ann Gaeilge a labhairt, mar gur teanga thar a bheith saibhir í an Ghaeilge, agus gan téarmaí oifigiúla ar fáil, go raibh an iliomad roghanna ag na haistritheoirí i gcás cuid de na téarmaí agus gan mórán treorach maidir le cén ceann ba cheart a roghnú. Ina theannta sin, ní raibh aon téarma Gaeilge ceaptha i gcás roinnt téarmaí, nó bhí an bhrí shonrach mar a bhain le comhthéacs cartlannaíochta á cailleadh. Labhair Ní Charra leis an oifigeach Gaeilge i gCartlann Náisiúnta na hÉireann (NAI), Niamh McDonnell féachaint an raibh aon téarmaíocht oifigiúil ag NAI. Cé go raibh téarmaí cartlannaíochta aistrithe go Gaeilge ag NAI, ní raibh iontu seo ach aistriúcháin chomh maith seachas téarmaí a ceapadh go hoifigiúil i nGaeilge.

       

Póstaer "Banc Taisce an Phoist", NAI, JUS 3/90/3/52

Tá bailiúcháin chartlainne Ghaeilge ar fud na tíre agus nuair ba ghá, bhí liostaí cartlainne á n-aistriú go Gaeilge ar bhonn ad hoc. Go dtí gur thosaigh Ní Charra á dtarraingt go léir le chéile, agus ag aithint na faidhbe, níor aithníodh na neamhréireachtaí idir liostaí, ó thaobh caighdeáin chartlannaíochta de. Le tacaíocht ó OÉG agus NAI araon, chuaigh Ní Charra agus McDonnell i mbun an fhadhb seo a réiteach. Ar dtús chuathas chun cainte leis an gCoiste Téarmaíochta.

Litir chuig an tAthair Peadar [Ua Laoghaire] ó Eoin Mac Néill 1895, ó chartlann Chonradh na Gaeilge, OÉG G60/44

Is é an Coiste Téarmaíochta an chomhairle teanga a chuireann téarmaíocht Ghaeilge ar fáil d’fhocail agus do choincheapa nua. Bunaíodh an Coiste sa bhliain 1968 agus bhí sé ina rannán den Roinn Oideachais ar dtús go dtí 1999, nuair a cuireadh faoi scáth Fhoras na Gaeilge é, comhlacht poiblí uile-oileáin a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá thart ar 20 ball ar an gCoiste ó ollscoileanna, comhlachtaí stáit agus comhlachtaí teanga, chomh maith le saineolaithe ar ábhair éagsúla, agus tagann siad le chéile uair sa mhí. D’aithin an Coiste láithreach gur gá téarmaíocht chartlannaíochta Ghaeilge a cheapadh go hoifigiúil, agus thacaigh siad go hiomlán leis an tionscadal.

Thar thréimhse roinnt míonna, thiomsaigh Ní Charra agus McDonnell, le cúnamh ó chomhghleacaithe in OÉG agus in NAI, os cionn 200 téarma cartlannaíochta le cur faoi bhráid an choiste, mar aon lena sainmhínithe chun cabhrú leis an gcoiste a bhfíorchiall i gcomhthéacs cartlannaíochta a thuiscint. Chuir Ní Charra liosta le chéile de na haistriúcháin go léir a cuireadh ar fáil go dtí seo, ag tarraingt aird ar théarmaí le níos mó ná leagan amháin agus cinn eile nach raibh leagan Gaeilge ar bith orthu. D’oibrigh sí ansin le Jenny Ní Mhaoileoin ón gCoiste Téarmaíochta, ag freagairt aon cheisteanna a bhí ag an gcoiste maidir le téarmaí áirithe (le cúnamh ó McDonnell), agus ag tarraingt aird ar aon aistriúcháin nár chuir an comhthéacs cartlannaíochta in iúl mar is ceart.

rabhadh faoi na contúirtí a bhaineann le diftéire do leanaí, NAI, JUS 3/90/3/52

Cuireadh an obair i gcrích le déanaí agus tá an acmhainn seo, i bhfoirm pdf, curtha anois ar láithreán gréasáin ARA Ireland agus ar fáil saor in aisce le híoslódáil (féach anseo). Tá Ní Charra i dteagmháil freisin leis an Dr Luciana Duranti chun na téarmaí Gaeilge a chur leis an mBunachar Sonraí ICA ar Théarmaíocht Chartlannaíochta Ilteangach, in éineacht le 26 teanga eile, agus ainmníodh í mar riarthóir na Gaeilge don bhunachar sonraí ICA [An Chomhairle Idirnáisiúnta um Chartlanna].

Tá Niamh Ní Charra agus Niamh McDonnell an-bhuíoch dá gcomhghleacaithe sa dá institiúid as a gcabhair, do na hinstitiúidí féin as an tacaíocht a cuireadh ar fáil, agus do gach ball den Choiste Téarmaíochta, go háirithe an téarmeolaí Jenny Ní Mhaoileoin, as a gcuid oibre crua. Is tráthúil gur i mí an Mhárta, mí ina reáchtáiltear feachtas bliantúil na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, atáthar ag cur na hacmhainne seo ar fáil. Táthar ag súil go n-úsáidfear í chun go mbeidh bailiúcháin Ghaeilge níos inrochtana do chainteoirí dúchais agus go gcuirfear cainteoirí dúchais san áireamh iontu, agus go ndéanfar pobail teanga eile a spreagadh chun smaoineamh ar an rud céanna a dhéanamh.